Nuacht is Déanaí
Sheolamar an podchraoladh ar 1ú Feabhra, agus go dtí seo bhí aíonna le Béarla (agus duine amhain le Bhreatnais) againn. Faoi láthir, táim ag eagrú le roinnt aíonna le Gaeilge faoi láthair chun cuid de na podchraoltaí a bheith againn trí Ghaeilge nó dátheangach. Má tá aon duine/daoine gur mhaith libh a fheiceáil ar an Podchraoladh inisígí dom agus déanfaidh mé iarracht é a eagrú!
Bhí mé in OCBÁC an tseachtain seo ag tabhairt cur i láthair do dhaltaí meánscoile ar obair phobail Wikimedia na hÉireann. Beidh mé ann arís Dé Luain seo chugainn ag tabhairt an cur i láthair céanna do Ghaelcholáiste. Tá cartlann ainm.ie ag OCBÁC atá á digitiú acu faoi láthair, mar sin beidh sé seo ina acmhainn iontach a bheidh ar fáil dúinn go luath le húsáid don Vicipéid.
Imeachtaí ag Teacht
Beidh Eagaratón trí Ghaeilge ar siúl ar líne Déardaoin seo chugainn (an 29ú) ó 19:00 go dtí 21:30. Beidh béim ar an mbéaloideas ag dul go deas leis an bhfeachtas Wiki Loves Folklore.
Maidir le hEagaratón - cuir mé iarratas isteach chuig an gCiste Focail chun focal Eagaratón a chlarú leo. Táim ag fanacht ar freagair anois, agus tá súil agam go mbeadh an tearma sa foclóir go luath!
Seachtain na Gaeilge
Beidh imeachtaí ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge - ar líne agus go pearsanta.
Tá sonraí na hócáide ar an 13ú i mBaile Átha Cliath thíos/
Seisiún Eolais Vicipéide
Cathain: 13ú Márta 2024
Am: 11:00-15:00
Cén Áit: RuaRed - South Dublin Arts Centre, Tamhlacht, BAC 24
An imeacht ar PEIG.
Beidh Eagaratón ar líne againn freisin ar an 8ú Márta do Lá Idirnáisiúnta na mBan. Roinnfear tuilleadh sonraí faoi imeachtaí eile i ríomhphost níos déanaí!